Section: Gaeilge
Saoire sa Sneachta

Ó bhí mise i mo ghasúr óg is maith is cuimhin liom a bheith ag dul ar saoire le mo mhuintir agus mo dheirfiúr. Sna blianta sin d'fhan muid ar saoire in Éirinn. Sea, rinne muid na gnáth cinn, Cill Áirne i gCiarraí, Dún Garbhán i bPort Láirge agus na cinn craiceáilte ar nós Trobolgan i gCorcaigh agus Mosney i gCo. na Mí. An chéad ceann a bhí againn thar lear ná Malta agus mura raibh sé sin thar a bheith te ansin ar feadh seachtain, teocht de 42 céim celsius. Sna blianta a lean chuaigh muid chuig an Spáinn, an Fhrainc, na Stáit Aontaithe, tá a fhios agat féin na hái...
Lá Vailintín

Anois agus Lá Vailintín beagnach buailte orainn arís, ar smaoinigh tú riamh cén fáth go ndéantar ceiliúradh ar an lá sin? Cé hé Vailintín ar aon nós? Deirtear go raibh ar a laghad triúr Naomh a raibh Vailintín mar ainm orthu agus ba mairtírigh a bhí iontu ar fad nuair a bhásaigh siad. Ba sagart Rómánach a bhí sa gcéad ceann a mhair thart ar 270 AD, easpag as Terni san Iodáil a bhí sa dara ceann a bhásaigh sa chéad sin freisin agus níl mórán eolas ann faoi tríú ceann ach gur san Afraic a bhí sé. Ach tá muid anseo in Éirinn ag rá gur anseo atá Naomh...
Mo thuiscint ar bhéaloideas
Is féidir leat tuairimí an phobail faoin saol traidisiúnta a fheiceáil i gach gné den bhéaloidis. Is rud an-spéisiúil é seo, dar liom, mar is féidir linn foghlaim faoi nósanna mar an creideamh agus na slite beatha a bhí ann fadó agus tugann sé léargas iontach dúinn ar mheon na ndaoine sna blianta siar. Táim chun plé a dhéanamh ar cúpla scéal chun forbairt a dhéanamh ar an tuairim sin, ach ar dtús tabharfaidh mé mo mhíniú féin ar an mbéaloidis.
Is bailiúcháin de scéalta traidisiúnta ó chuile cheard den tír é an béaloideas, scéalta a scaipeadh ó...
Oireachtas na Samhna 2011

Don dara bliain as a chéile is thíos i gCill Áirne i gCo. Chiarraí a bhí ceiliúradh á dhéanamh ar Oireachtas na Samhna. Is féile mór é seo a bhíonn ar siúl ag an am seo gach bliain, féile a thugann Gaelgóirí na tíre le chéile chun ár cultúr agus ár dteanga a cheiliúradh le chéile le spraoi, ceol agus craic. Bhailigh na sluaite san INEC idir an 1ú agus an 6ú Samhain agus bhain siad sult as na comórtais ar fad, comórtais do dhaoine óga agus do dhaoine fásta. Is iomaí athrú atá tagtha ar an tOireachtas ó reáchtáladh an chéad ceann i Seomra Cruinn an Rotunda...
An Cumann Gaelach ar thuras go dtí an tOireachtas
I mbliana chuaigh an Cumann Gaelach ar thuras go dtí Oireachtas na Samhna 2011 i gCill Áirne, Co. Chiarraí. Téann an chuid is mó de na cumainn gaelach ann gach bliain agus bíonn chraic ag na mac léinn ar fad le chéile agus ní raibh sé dada difriúil i mbliana.
D’fhág muid Ollscoil Luimnigh tráthnóna Dé hAoine bhain muid spraoi as an tiomáint ó dheas ach nuair a sheas muid istigh i mbrú óige Neptunes bhí an buzz le aireachtáil san aer. Bhí cóisir gléasadh suas eagraithe do na mac léinn ollscoile san oíche in Óstan an Brehon. Mar is gnáth bhí cúpla culaith an-...









