Seachtain na Gaeilge 2016

By Editor Feb 23, 2016
Share

snagcolorsmall

 

Le Aedín ó Tiarnaigh

 

Más rud é go raibh an t-ádh leat anuraidh bheith timpeall an champais i rith Seachtain na Gaeilge, ní bheidh aon deacrachtaí agat smaoineamh siar ar na himeachtaí iontacha éagsúla a chuir an Cumann Gaelach ar siúl. Déardaoin Ramhar, an Géilí, Bricgrásta agus neart eile, mar shampla.

 

Más rud é nach raibh tú linn, áfách, ná bí ró-bhuartha a chara, toisc go bhfuil am níos speisialta fós romhat i mbliana! Beidh go leor imeachtaí ar siúl i mbliana a chuirfidh gliondar ar do chroí, Gaeilge i do bhéal agus bród i do chroí so bígí linn agus glac páirt!

 

‘Sé an rud is tábhachtaí faoin seachtain ná go bhfuilimíd ag iarraidh ar dhaoine iarracht a dhéanamh chun an teanga a úsáid go laethúil, fiú muna bhfuil ach cúpla focal acu. So úsáid do chuid “Conas atá tú” agus do chuid “Go raibh míle” agus do chuid “An bhfuil tú go maith mar tá tú ag féachaint go maith fiú! Bígí bródúil as do chúpla focal!

 

Chun cur leis sin, beidh imeacht thar a bheith speisialta á seoladh againn agus s’é sin an chéad “Bál na Gaeilge”. Cuir ort do chuid “gladrags” tóg cara nó dhó leat agus cé fios, an-sheans go bhfaighféa an ‘shift’ agus grá na gaeilge dá bharr.

(Ach ní féidir linn aon rud a ghealladh)

 

Beidh cuairteoirí againn ó Ollscoil Chorcaí agus tá fáilte ollmhór roimh éinne  a bhfuil grá acu don teanga, nó don Dreoilín  fiú.

 

Thairis sin, beimíd ag súil go mór le “Ceol agus Ól”, “Tae agus Plé” agus Géilí 2016 agus ag súil go han-mhór le sibh a feicéail ann agus an Ghaeilge a chloistéail timpeall na hOllscoile.

 

“Tír gan Teanga, Tír gan Anam” a chairde.

 

Seachtain na Gaeilge 2016. Tuilleadh eolais le teacht ar www.facebook.com/cumanngaelachul

Loading

Facebooktwitterredditpinterestlinkedinmail

By Editor

Related Post