Post samhraidh le Gaeilge?

By Editor Apr 15, 2016
Share

2

 

Le Fay Langley

 

An bhfuil tú ag lorg post samhraidh le Gaeilge nó chun do chuid Gaeilge a fheabhsú? An bhfuil suim agatsa sa cheoil, spórt agus rince gaelach? An bhfuil tú go maith le déagóirí? Má tá, is é an post is fearr duitse an tsamhraidh seo ná post mar cheannaire i gcoláiste samhraidh! Más rud é go raibh tú sa Ghaeltacht nuair a bhí tú níos óige agus gur bhfuair tú do chéad shift ann, is dócha gur chuimhne leat an craic a bhí agat ann. An rud is fearr faoi post mar cheannaire ná go bhfaigheann tú iocaíocht chun do chuid laethannta a chaitheamh ag canadh ‘Óró ‘sé do bheath abhaile’ , ag múineadh an damhsa ‘an Dreoilín’ do scolairí, agus a bheith sáite sa Ghaeltacht álainn!

 

Tá cónaí ormsa sa Ghaeltacht Oileán Chléire agus d’oibrigh mé ann ar feadh cúpla samhraidh agus bhí am iontach agamsa! Ansin, d’oibrigh mé sa Daingean agus bhí mé sáite i gcanúint Chiarraí agus thaitin sé go mór liom! Bhí craic dochreidte sa Daingean ( tithe tabharnaithe den scoth agus uachtar reoite Murphy’s! ) agus bhí Bean an Tí agus Fear an Tí álainn agam freisin!

 

Bíonn ceannaire ag spreagadh daltaí chun Gaeilge a labhairt, ag eagrú cluichí, céilithe agus ranganna ceoil dóibh. Bíonn siad mar chairde leis na daltaí ach fós féin bíonn orthu béim a leaghta ar an nGaeilge labhartha! Bíonn craic dochreidte ag baint leis an bpost sa Ghaeltacht agus déanann tú chairde go deo!

 

Molaim go hard na spéire cur isteach do phost sa Ghaeltacht!

Loading

Facebooktwitterredditpinterestlinkedinmail

By Editor

Related Post