Seomra na Gaeilge

By Editor Feb 25, 2016
Share

1:4 page poster

Le Fay Langley

 

Ná déanaigí dearmad go bhfuil seomra caidrimh ar an gcampas do phobal na Gaeilge – fáilte roimh mhic léinn ach go háirithe! Úsáideann an Cumann Gaelach, cumann na mac léinn, an seomra go rialta le linn an tseimeastair agus éinne eile atá ag iarraidh cupán tae a ól is a scíth a ligeadh! Tá áiseanna tae agus caife ann (saor in aisce!) agus tugann an seomra deis do mhic léinn bualadh le cainteoirí Gaeilge eile san ollscoil. Uimhir an tseomra ná LC0-016, Áras na dTeangacha agus bíonn sé ar oscailt gach lá. Déanann Aonad na Gaeilge, oifig do chur chun cinn na Gaeilge, an seomra a bhainistiú agus bíonn sé ar fáil d’imeachtaí agus do chruinnithe chomh maith.

 

Beidh “Maidin Caife” @ 11-12 gach Dé Céadaoin ina bheidh tae, caife agus brioscaí ar fáil saor in aisce! Freisin, beidh “Tae le Fay” ar siúl @ 3-4 gach Déardaoin sa Seomra na Gaeilge! Tá Fay sa chéad bhliain agus ag feidhmiú mar chomhordaitheoir ar imeachtaí do mhic léinn i Seomra na Gaeilge do sheimeastar an Earraigh 2016!

 

Tuilleadh eolais ciara.considine@ul.ie nó www.facebook.com/aonadnagaeilge

Loading

Facebooktwitterredditpinterestlinkedinmail

By Editor

Related Post