Gníomhachtai an Cumann Gaelach

By Editor Apr 15, 2016
Share

3

 

Bhí Pilates as Gaeilge againn an tseachtain seo chaite leis an gClub Surfála. Bhí an teagascóir Jason ag baint úsáide as a cuid cúpla focail chun an rang a chur i láthair. Bhí fíor chraic againn mar bhí an cuid is mó don rang mar scoláirí idirnaisiúnta agus d’fhoghlaim siad cúpla focail Gaeilge cosúil leis na huimhreacha is mar sin de. Bhíomar in ann ár scíth a ligeadh, píosa aclaíocht a dhéanamh agus ar fad trí Gaelinne! Bhainemar sult as gan dabht!

 

Bhí Díolacháin Cistí againn do Pieta House an gCéadaoin seo chaite. Bhí meascán álainn idir Oreo cookies, ciste seacláide brioscaí agus brownies ar díol! Dhein scoláirí a bhí sa chumann na cistí as a stuam féin agus thug an-chuid daoine a gcuid ama suas go deonach chun cabhrú leis an seastán srl. Tá an Cumann fíor bhródúil as gach éinne a chabhraigh go mór leis an díolacháin. D’éirigh linn €403.33 a bhailiú do Pieta House agus is eagraíocht iontach é ina chabraíonn siad le daoine atá ag smaoineamh faoi lámh a chur ina bás féin agus tugann siad an comhairleoireacht is cuí do dhaoine. Beidh Gabhán Breathnach inár gcuimhne go deo, fear óg a bhí cairdiúl leis an gCumann agus a bhí grá aige don Ghaeilge ach go háirithe. Ar an drochuair, níl sé linn inniu agus tá ar smaointe lena chlann agus cairde uilig. Ar dheis Dé ar raibh a anam.

Loading

Facebooktwitterredditpinterestlinkedinmail

By Editor

Related Post