Baill Nua Ón gCumann Gaelach

By Editor Feb 9, 2016
Share

2

 

An bhfuil suim agatsa sa Ghaeilge? An bhfuil spéis agat craic a bheith agat trí mheán na Gaeilge? An bhfuil tú spreagtha Gaeilge a labhairt go neamh fhoirmeálta agus cairde nua a dheánamh trí Ghaeilge? Má tá, is ea an Chumann Gaelach an áit is fearr duitse! Tá an t-ádh dearg libhse mar tá muid ag lorg SIBHSE chun cur leis an gCumainn!

 

Bhí seiméastar thar a bheith spraoiúil againn an bhliain seo chaite! Bhí Tae is Plé ar siul go seachtainúil, chomh maith le My First Gaeilge do dhaoine a bhí ag iarradih Gaeilge a fhoghlaim, bhí turas chuig an Daingean Uí Chúis iontach ar fad , turas go Baile Átha Chliath don Oireachtas na Samhna thar chionn agus bhí Gaeilge 24 rathúil a bhí labhairt na Gaeilge ar an gcampus curtha chun chinn ach go háirithe.

 

Ach ní hea sin é a chairde, is liosta le háireamh na himeahtaí a bheidh ar siúl don seiméastar seo : Ceol Is Ól – cúpla deoch trí mheán na Gaeilge sna Stáblaí gach Mháirt, Tae is Plé arís, My First Gaeilge, Bál na Gaeilge ( WOOHOO!!) agus cúpla iontais eile do Seachtain na Gaeilge, mar sin bígí linn agus bígí ag faire amach!

 

Má tá spéis agaibh a chairde, bígí linn don AGM ar an gCéadaoin, an 10ú lá de Fheabhra san Aontas na Mac Léinn ag a 6 a chlog. Beidh baill nua don choiste uainn freisin mar sin is fiú go mór teacht má tá spéis agaibh a bheith gníomhach sa chumann!

 

Má tá tuilleadh eolais uaibh ná bíodh moill oraibh dul i dteaghmháil linn ar Facebook @ Cumann Gaelach OL.

 

Feicfimid sibh go luath,

An Chumann Gaelach.

Loading

Facebooktwitterredditpinterestlinkedinmail

By Editor

Related Post