Share

Tar éis na míonna fhada do na healaíona, lán le neamhchinnteacht agus imní, táim buíoch a rá go bhfuil ceol beo ar ais arís ina iomlán. Deir gach ceoltóir a sheinneann sa tír seo go bhfuilimid na lucht féachana ab fhearr ar domhain, agus mar sin ní gá a rá go bhfuil muintir na hÉireann ar bís chun ceol beo a cloisint arís.

Ceann de na céad ceolchoirme a bhí ar siúl tar éis an fhógra sin ná The Kooks. Sheinn an banna trí ceolchoirme san amharchlann 3Olympia i mBaile Átha Cliath, ón 27-29 Eanair 2022. Tá said ag taistéal chun a gcúigú cuimhneachán déig a chéilúradh, ag seinm ceol óna géad albaim, Inside In, Inside Out (2006).

Is grúpa indie iad a bhí bunaithe i Brighton, Sasana ó 2004. Tá clú agus cáil acu ar fud na hEoraip, go háirithe dona hamhráin Naive agus She Moves in Her Own Way. In ainneoin go raibh cuid dena albaim scaoilte na mblianta ó shin, bhí an lucht féachanna cúpla seachtain ó shin lán le daoine óga, ag scréadáil, in ard a chinn is ghutha, gach liric a bhí á chanadh ag an príomhamhránaí, Luke Pritchard. D’fhiafraigh roinnt daoine díom conas a raibh a fhios agam faoi The Kooks, agus cén fáth ina bhfuil an lucht leanúna chomh óg sin acu inniu? Bheul, spreag a gcuid ceoil glúin nua trí a úsáid forleathan sna meáin, go háirithe sa clár teilifís cultais Gavin and Stacey. Nuair a tháinig an banna amach ar an stáitse ar dtús, tháinig ciúnas iomlán thar an amharchlann. Rud a chuir an ionadh orm, áfach, ná lean an ciúnas ar aghaidh, fiú nuair a thosaigh said ag seinm! Ní raibh scleondar ar bith ón slua, fiú bhí cuma leamh leadránach orthu. Bhí mearbhall ag cuid den lucht, agus brathaim, cé go raibh aitheantas ag cuid againn ar an ceol a bhí á sheinm acu, nach raibh clú dá laghad againn faoi cuma an mbanna. Rinne mé cuardaigh tapa do The Kooks ar m’fhóin, agus tabhair sé íomhánna dom d’amhránaí leis an gruaig dubh, chatach céanna a bhí ag an bhfear thuas ar an stáitse. Bhí mé croíbhriste ag féachaint ar an fhear neamhdhíograsach sin, ina bhfolach taobh thiar de spéaclaí dubh, dorcha. Cá raibh an beocht óigeanta atá le cloistéail in amhráin The Kooks? Tar éis ceithre amhráin, d’fhág an banna an stáitse, agus, ag tabhairt faoiseamh ollmhór don slua, tháinig The Kooks ina háit. Ní raibh ach an mbanna tacaíochta a bhí ann! D’athraigh atmaisféar na háite láithreach bonn buille, ag malartú leadráin do lúcháir.

Cé go bhfuil said tar éis na céadta ceolchoirme a sheinm, bhí an beocht ag baint leo fós. Chan Luke Pritchard le mothúchán láidir i ngach uile focail, a bhí mar bhonn dá rath forleathan roimhe seo. D’oscail said le Seaside, amhráin grá tochtmhar le comhartha aithentais dona mbaile dhúchais, Brighton. Rinne said cinnte an lucht a dhéanamh páirteach sa cheol, go háirithe lena leagan de Ooh La. Sheinn an príomhamhránaí tionlacan ar giotár acústach i gcomhair an amhráin She Moves in Her Own Way, ag tabhairt a thuilleadh beocht don léiriú.

Níorbh iontas ar bith é gur tháinig an banna amach arís ag an deireadh, i lár theorann an slua ag screadáil “One more tune!”. Riomh an phandéim, cheap mé gur thradisiúin iomarcach agus neamhriachtanach é an nós sin, ach, an uair seo, bhí cluasíní croí orm é a chloisteáil, ba é sin deireadh na chéad cheolchoirm ar ais sa ghnáthaois. Le haghaidh an ‘tiúin’ deirenach, chan an banna an t-amhrán is cáiliúla acu – Naïve. Bhí sceitimíní le brath san amharclann beag, bídeach ar feadh an t-amhrán ar fad, agus d’fhág gach uile duine ag an deireadh le gliondar croí orthu.

Níl ach an moladh is airde á thabhairt agam do The Kooks. Rinne said an trí rud atá ag taistáil ag aon ceolchoirm ar bith: sheinn said a amhráin dá gcuid is mó, bhí said lán le fuinneamh agus chruthaigh said atmaisféar beomhar, leictreach. Creidim go huile is go hiomlán gurb ceolchoirm iontach é chun fáilte thar n-ais a thabhairt go mhuintir na hÉireann chuig an ceol beo, agus chuig na healaíona ar fad. É sin ráite, guímid go léir nach mbeadh aon fáilte ar ais riachtanach riamh arís inár saoil!

Loading

Facebooktwitterredditpinterestlinkedinmail

Related Post