Cumann Gaelach: Bringing Gaeilge back to you

By Editor Nov 3, 2015
Share

2. Tatú Gaeilge

 

By Fay Langley

 

Dia dhaoibh, a chairde, is mise Fay agus táim mar leas-cathaoirleach don Chumann Gaelach i mbliana. Is léir gur liosta le háireamh na himeachtaí a bheidh fé lánseol as seo amach sa téarma seo!

 

Tá muid ar fad sa chumann fíor sceitmínach faoin Lá Gaeilge 24! Céard í Lá Gaeilge 24 a cheistíonn sibh oraibh féin…?

 

 An Dúshláin: Is í aidhm an dúshláin seo ná muintir na hollscoile a spreagadh chun labhairt as Gaeilge amháin ar feadh 24 uair a’ chloig: sa bhaile, ar an gcampas , le siopaí agus gnólachtaí, timpeall an bhaile, le cairde, sa chlub spóirt nó fíu amháin sa chlub oíche is tú féin ag iarraidh póg a ghoid ó dhuine éigin!

 

An Am : Dé Máirt 10 Samhain 2015, Seachtain 10. Bígí ann nó bígí mar chearnóga!

 

Cén Fáth? Cuideoidh sé le hintinn na ndaoine timpeall na hollscoile a oscailt & eispéireas dearfach a thabhairt dóibh maidir le húsáid na Gaeilge ina saol. Beidh na mílte ag glacadh páirte ann arís i mbliana agus ar fad chun fás ‘is forbairt a chur leis an ngaeilge.

 

Imeacht eile a bheidh fé lán seol againn ná ‘Ceol is Ól’. Is ciorcail cainte trí mheán na gaeilge sna stáblaí atá i gceist a bheidh  gach Dé Máirt ag tosnú ar an 10 Samhain 2015, Seachtain 10. Beidh píosa craic againn ann agus is deis den scoth é chun do chuid ghaeilge a chleachtadh agus do scíth a ligeadh!

 

Bhí ‘Tae is Play’ againn don seachtain SoUL. Tháinig baill don Chumann Cheoil Thraidisiúnta isteach linn chun cúpla poirt a chasadh agus bhí píotsa orduithe againn in ionad ceapairí! Bhí sé thar a bheith taitneamhach! Bhí seastán againn sa Courtyard ar an gCéadaoin don seachtain SoUl freisin agus bhí bunnóga is tatúnanna as gaeilge ar fail ann. Bhí an-rath ar na tatúnanna le chách! Mar is gnáth, beidh ‘Tae is Plé’ ar siúl gach Dé Máirt sa Seomra Gaeilge @ 2-3pm. Bíonn ceapairí álainn ar fail ann i dteannta le cupáin caife is tae le brioscaí is a leithéid agus gan dabht comhluadar den scoth! Bíonn atmaisféar tarraingteach is cairdiúl le brath ann. Fáilte roimh chách!

 

Tá an-rath ar na ranganna ‘My First Gaeilge’ atá curtha ar fáil do dhaltaí idirnáisiúnta ach go háirithe. Bíonn frásaí neamh-fhoirmeálta le foghlaim ann ó thaobh conas cliúsaíocht a dhéanamh trí ghaeilge nó conas focail dána a rá. Bíonn an-spraoi ag baint leis na ranganna ar fad. Bíonn sé ar siúl sa  KB1-18 @ 6-7pm gach Dé Céadaoin. Níl ach costas €2 air!

 

Bhí Oireachtas na Samhna ar siúl sa Citywest i mBaile Átha Chliath ar an 30 Deireadh Fómhair go 1 Samhain. Bhí craic thar nócha againn ann. Bhí comórtais éagsúla ar siúl ann mar shampla amhráiníocht sean nós, rince gaelach, comhrá beirte is a leithéid. Is fiú go mór teacht linn an bhliain seo chugainn.

 

Beidh EGM fíor thábhtach againn go luath ó thoabh coiste nua a fhoirmiú. Má tá suim agat páirt a ghlacadh ar an gcoiste, bígí ag faire amach le haghadh na ríomhphoist  ‘gus ár leathnach Facebook @ ‘Cumann Gaelach Ollscoil Luimnigh’.

 

Táim ag tnúth libh sibhse a fheiscint ag na himeachtaí as seo amach!

Slán tamailín.

Loading

Facebooktwitterredditpinterestlinkedinmail

By Editor

Related Post